Rang a Dó
Fáilte chuig ár leathanach ranga. Beidh samplaí d'ár gcuid oibre agus spraoi le fáil anseo. Tá nascanna úsáideacha againn freisin do rudaí éagsúla.
Stocaí aisteacha inniu do Lá Siondróim Down
Lá na leabhar 2024
Seachtain na Gaeilge 2024
Bhí coicís na Gaeilge iontach againn. Bhí Íoga, Biongó le sean-tuismitheoiri, cuairt chuig Draíocht chun drama/scéal a fheicéal, ceilí ag na bunranganna sa chlós, tráth na gceist le Gaelscoil an Chuilinn, Ceardlann Rince trí Ghaeilge le Keith, Aonach na Leabhar agus Péirleitheoireacht ar siúl againn. Bhí seanfhocail agus rabhlóga dhá fhoghlaim againn freisin.
Chéad Fhaoistín.
Tá rang 2 ag ullmhú don Chéad Fhaoistín. Bhíomar ag foghlaim faoi Zacháias.
Lá Idirnáisiúnta na Sábháilteachta ar líne
Lá Fhéile Bríde
Thosnaigh piarléitheoireacht an tseachtain seo.
Ióga
2024
Athbhliain faoi shean is faoi mhaise dhaoibh uilig
Gillín Sneachta
Brioscaí na Nollag dhá mhaisiú
Lá Fhéile Muire gan Smál
Maisiucháin agus Ealáin na Nollag
Lá Domhanda an Diaibéitis
Seachtain na Mata
Bhí Stem ar siúl i Rang 2 an tseachtain seo. Bhí siad ag tógál an túr/struchtúir is airde/ láidre, Thóg siad droichead freisin. Bhain siad usáid as cipiní agus pionnaí éadaí chun na struchtúir seo a dhéanamh.
Bhí go leor cluichí dhá imirt i rang 2 an tseachtain seo. cluichí dísle, comhaireamh, suimiú agus dealú.
Rince
Bhí rang 2 ag foghlaim "Port an Fhómhair" an tseachtain seo.
Siulóid Dúlra
Bhí rang 2 ag foghlaim faoin bhFómhar agus faoi na hathruithe a thagann sa timpeallacht. Chuamar ar shiulóid dúlra agus bhailíomar duilleoga, cnónna, caora, dearcáin agus buairciní don bhord dúlra sa rang.
Duilleoga Deasa
Duilleoga deasa deasa,
Duilleoga deasa buí;
Duilleoga deasa deasa,
Ag damhsa ar an gcraobh.
Duilleoga deasa deasa,
Duilleoga deasa buí;
Duilleoga deasa deasa,
Ag imeacht leis an ngaoth.
Duilleoga deasa deasa,
Duilleoga deasa buí;
Duilleoga deasa deasa,
Ar thalamh ina luí.
Duilleoga deasa deasa,
Duilleoga deasa buí;
Duilleoga deasa deasa,
Ag damhsa ar an gcraobh.
Duilleoga deasa deasa,
Duilleoga deasa buí;
Duilleoga deasa deasa,
Ag imeacht leis an ngaoth.
Duilleoga deasa deasa,
Duilleoga deasa buí;
Duilleoga deasa deasa,
Ar thalamh ina luí.
Ipadanna
Bhí Rang 2 ag obair ar na hIpadanna. Bhí siad ag baint usáid as na cluasáin nua agus iad ag obair ar Séideán Sí, Maths Chase, Mata - Hit the Button.
An Fómhar
Tá rang 2 ag foghlaim faoin fómhar agus d'fhoghlaim siad dán faoin Fear Bréige agus rinneamar ealáin bunaithe ar freisin.
Tá rang 2 ag foghlaim faoin fómhar agus d'fhoghlaim siad dán faoin Fear Bréige agus rinneamar ealáin bunaithe ar freisin.
An Fear Bréige
‘Tá brón orm,’ arsa an fear bréige,
‘Ní ormsa atá an milleán:
‘Tá brón orm,’ arsa an fear bréige,
‘Níl cead agam labhairt le préachán.’
‘Tá brón orm,’ arsa an fear bréige,
‘Ach sin mar atá an scéal:
‘Tá brón orm,’ arsa an fear bréige,
Is tharraing an t-éan a chroimeál!
Ealáin rang 2 .
Rinne na páistí pictiúr dóibh féin.
Bhí bacáil ar siúl freisin.
Rang 2 ar ais le chéile arís.
Gaeilge
Is féidir cluichí i nGaeilge a fháil anseo.
Táblaí
Bígí ag cleachtadh na táblaí go rialta. Féach ar na nascanna seo chun cluichí a imirt.