Teach Laighean/Dáil Éireann
Chuaigh R6 ar chuairt go Teach Laighean le déanaí. Bhí lá iontach againn agus d'fhoghlaimíomar an-chuid. Bhuaileamar le Jack Chambers ann mar is eisean a thug an cuireadh dúinn dul ann.
Lá an Chóineartaithe.
Bhí lá álainn ag Rang 6 ag ceiliúradh an Chóineartú.
Searmanas an tSolais
Bhí Rang 6 ag cleachtadh don searmanas speisialta seo mar ullmhúcháin don Lá Chóineartaithe ar Aoine 22ú Márta.
Bhí Rang 6 ag cleachtadh don searmanas speisialta seo mar ullmhúcháin don Lá Chóineartaithe ar Aoine 22ú Márta.
Bliots Sacair Rang 6
Bhí tráthnóna iontach againn ag imirt cluichí sacair i aghaidh scoil Naomh Benedict mar chuid so Sheachtain na Gaeilge.
Bleaist Eolaíochta 2024
Bhí lá den chéad scoth againn san RDS ag ceiliúradh an Bleaist Eolaíochta. Bhí sé go hiontach bualadh le scoileanna eile agus Gaeilge amháin a chloisint. Rinne an rang sár obair don tiosncnamh seo agus tá neart foghlamtha acu mar gheall ar an méid siúcra atá i ndeochanna éagsúla. Maith sibh Rang 6!!

Tá obair iontach ar siúil sa rang faoi láthair ag ullmhú don mBleaist Eolaíochta.
Máirt na hInide i Rang 6
Lá Spioradálta Rang 6
Bhí lá iontach ag Rang 6 agus iad ag ullmhú don Chóineartú a bheidh ar siúil an mhí seo chugainn. Chuamar ar an mbus go Baile Fearmaid agus thaitin sé go mór leis na páistí.
Crosóga Bhríde Rang 6
Rinne Rang 6 pictiúr álainn do Naomh Bríd a bheidh le feiceáil i séipéal Naomh Bríd an tseachtain seo chugainn.
Bhíomar ag tomhas rudaí taobh amuigh.
Tá Rang 6 ag foghlaim faoi fad sa mhata.
Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir ó Rang 6.
Lá Polar Express
Bhí lá iontach againn i R6 ag ceiliúradh an Polar Express. Bhí na pítseamaí orthu, teidí agus pilliúr acu agus gan dabht, seacláid te agus brioscaí againn le n-ithe agus le n-ól. Nollaig shona daoibh go léir :-)
Obair álainn ar siúil ag Rang 6 faoi láthair. Fleasc na hAidbhinte agus Muintir Sneachta gleoite :-)
Tá Rang 6 an-ghnóthach ag ullmhú d'Aonach na Nollag.
Rang 6 i mbun yoga.
Tá obair álainn ar siúl sa rang faoi láthair ar an leabhar Cóineartaithe.
Maratón na bPáistí: An Míle Deireanach
Bhí maidin álainn againn i Morton Stadium ag críochnú suas le Maratón na bPáistí. Thosaíomar an rith seo i mí Mheán Fómhair agus ritheamar 3 mhaidin in aghaidh na seachtaine. Tá éacht déanta ag na páistí seo agus tá súil agam go leanfaidh siad leis an rith amach anseo. Bhí sé go hiontach bualadh le David Gillick chomh maith. Bhí an t-ádh linn hata álainn a fháil, chomh maith le bonn agus t-léine.
Turas R6 go Reilig Ghlasnaíon
Chuaigh Rang 6 go Reilig Ghlasnaíon le déanaí. Shiúlamar chomh fada leis an stáisiún traenach agus chuamar ar an traein go Droim Conrach agus ansin shiúlamar chomh fada leis an reilig. Bhí turas iontach againn agus d'fhoghlaimíomar a lán.
Maratón na bPáistí/Marathonkids.
Tá tús curtha ag R6 le maratón a rith thar 8 seachtain. Beimid ag rith 3 uair sa tseachtain ag tosú le 600m agus ag cur leis gach lá. Tá t-léinte álainn ag gach dalta agus feicfidh sibh iad ag rith timpeall na háite.
Rang 6 sa leabharlann.
Fáilte ar ais Rang 6
Bhuel, tá gach rud réidh anseo agam daoibh agus táim ar bís fáilte a chur romhaibh ar an gCéadaoin!! Slán go fóillín. Múinteoir Áine :-)
Bhuel, tá gach rud réidh anseo agam daoibh agus táim ar bís fáilte a chur romhaibh ar an gCéadaoin!! Slán go fóillín. Múinteoir Áine :-)